Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.
Irimia 2:12 - An Bíobla Naofa 1981 Bíodh uafás oraibh, a neamha; faoin ní seo bíodh uamhan oraibh crithigí le heagla - an Tiarna a labhraíonn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Bithí iongantach, a neamha fán níse, agus bithí úamhnach go hadhfhúathmhar, bithí go ro dhubhach, a deir an TIGHEARNA. |
Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.
Bígí bómánta agus dobhránta, bígí dall agus caoch; bígí ar meisce, ach ní le fíon, ag tuisliú, ach ní le tréan póite.
“Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.
D'fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús; ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.
Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.
Éistigí, a shléibhte, leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna; tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain. Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail agus tá sé ag aighneas le hIosrael.