Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 4:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 D'fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús; ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Dféuch mé air an ttalamh, agus, cheana, do bhí sé gan chuma agus folamh; agus ar na neamhuibh, agus ní raibh solus ann.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 4:23
19 Tagairtí Cros  

Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí.


Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.


Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.


Bíodh uafás oraibh, a neamha; faoin ní seo bíodh uamhan oraibh crithigí le heagla - an Tiarna a labhraíonn.


Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.


Ní sa solas ach sa dorchadas a thiomáin agus a sheol sé mé.


Tá an talamh ar crith agus na spéartha suaite rompu; tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú agus na réaltaí ag cailleadh a ngile.


An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.


Ar an lá sin, ní bheidh aon solas ann ar dtús, ach fuacht agus sioc.


“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.


Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí