Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha; agus is trua leo fiú amháin a fothracha.
Irimia 19:3 - An Bíobla Naofa 1981 Abair: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, a ríthe Iúdá agus a áitritheoirí Iarúsailéim! Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Táim ag breith a leithéid d'anachain ar an áit seo, agus cibé duine a chluinfidh é, beidh tormán ina chluasa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus abair, Eistighsi bríathra an TIGHEARNA, a ríghthe Iúdah, agus a áitreabhthach Ierusalem; Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, do bhéara mé olc air a náitsi, noch gidh bé ar bith chluinfios, tormánfuid a chlúasa. |
Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha; agus is trua leo fiú amháin a fothracha.
Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis; déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.
gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d'oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.
Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair: “Suígí in áit níos ísle, mar gur thit anuas díbh coróin bhur nglóire.”
Abair leo: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a ríthe Iúdá, agus sibhse pobal uile Iúdá freisin, agus sibhse, cathróirí uile Iarúsailéim, a théann na geataí seo isteach.
Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’
“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Tabharfaidh mé ar an gcathair seo go cinnte agus ar a bailte uile máguaird an uile thubaiste dar fhógair mé, mar gur éirigh siad chomh ceanndána sin agus nach n‑éistfidís le mo bhriathra.’ ”
Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m'ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún - Tiarna na Slua a labhraíonn.’
Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: Tabharfaidh mise ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim an uile olc dar fhógair mé ina n‑aghaidh, óir labhair mé leo agus ní éistfidís, ghlaoigh mé orthu agus ní fhreagróidís.’ ”
Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir.
Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.
agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.”
Ansin dúirt an Tiarna le Samúéil: “Táim ar tí beart a dhéanamh in Iosrael a chuirfidh cigilteas ar dhá chluais gach duine a chluinfidh é.