Irimia 18:11 - An Bíobla Naofa 198111 Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’ Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 ¶ Déana a nois ar a nádhbharsin, lábhair ré fearuibh Iúdah, agus ré háitreabhthachaibh Ierusalem, gha rádh, Is mar so a deir an TIGHEARNA; Féuch, do chum mé olc ann bhur naghaidhsi, agus do thionnscuin mé smuáintighthe ann bhur naghaidh: fillidh anois gach uile dhuine aguibh ó na dhroichshlighe, agus déanuidh bhur slighthe agus bhur ngníomha maith. Féach an chaibidil |
Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d'Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m'aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.”
“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nach raibh ár n‑aithreacha umhal d'fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.”
Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.
Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.