Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 13:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair: “Suígí in áit níos ísle, mar gur thit anuas díbh coróin bhur nglóire.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Abruidh ris an rígh agus ris an mbainríoghain, Umhluighídh sibh féin, suíghidh síos: óir tiucfa bhur bprionnsamhlacht síos, eadhon coróin bhur nglóire.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 13:18
30 Tagairtí Cros  

Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.


Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.


Nuair a bhí sé i gcruachás d'impigh sé ar an Tiarna a Dhia a bheith cineálta leis agus d'umhlaigh sé é féin i láthair Dhia a shinsear.


A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].


Níor umhlaigh sé i láthair an Tiarna, mar a d'umhlaigh Manaise a athair, ach bá é an tÁmón céanna seo a chuir chomh mór sin le ciontacht [Iúdá].


Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.


agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas,


Ní buan maoin, agus an maireann saibhreas ó aois go haois?


cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí,


Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní; agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.


Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.


“Faoi mar a mhairim - an Tiarna a labhraíonn - dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.


Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.


Ba tar éis Iacoiniá an rí, an ríonmháthair, na seomróirí, maithe Iúdá agus Iarúsailéim, agus na gaibhne agus na ceardaithe a imeacht as Iarúsailéim é.


Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: “Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.”


Tá a mórgacht uile leáite ó iníon Shíón; ba chosúil a flatha le fianna nach raibh féarach acu níos mó; bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríoch roimh an tóir a cuireadh orthu.


Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. “Féach, a Thiarna, ar m'ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.”


Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.


Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.


Chuir mé fáinne ar do shrón, cluasfháinní ar do chluasa agus coróin niamhrach ar do cheann.


Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.


Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”


Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.


Caithfidh siad turbain lín ar a gcinn agus bríste lín ar a leasrach; ní chríoslóidh siad iad féin le haon ábhar a thugann allas.


Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d'éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach.


Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas.


Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh.


Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n‑ardódh sé sibh i dtráth.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí