Irimia 13:19 - An Bíobla Naofa 198119 Tá bailte an Neigib druidte suas, gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine. Rugadh Iúdá uile ar shiúl, tógadh gach aon duine i mbraighdeanas. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Druidfighear caithreacha an deisceirt súas, agus ní oisceoluidh áonduine íad: béarthar Iúdah uile ar siubhal a mbraighdionas, béarthar a mbía ann a láimh go hiomlán. Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.
Thaispeáin an Tiarna fís dom: bhí dhá chliabh fígí curtha os comhair Theampall an Tiarna amach. Tharla sé seo tar éis Nabúcadnazar, rí na Bablóine, a bhreith Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, leis i láimh as Iarúsailéim, agus uaisle uile Iúdá, in éineacht leis na gaibhne agus na ceardaithe, agus iad a bhreith don Bhablóin.
Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”