Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.
Irimia 15:16 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do fríth do bhríathra, agus a dúaigh misi íad; agus do bhí do bhríathra dhamhsa na gháirdeachus agus na lúathgháir dom chroidhe, óir do gaireadh hainmsi orum, a THIGHEARNA Día na slógh. |
Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.
Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.
Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!
“Ach tusa, a mhic an duine, éist lena ndeirim leat; ná bí ceannairceach mar an dream ceannairceach úd; oscail do bhéal agus caith siar a dtugaim duit.”
An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib? An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna? An é sin an rud is nós leis a dhéanamh? Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé lena phobal féin Iosrael?