Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 14:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Cred as a mbeitheá mar dhuine ar na chritheaglughadh, mar dhuine chumhachtach nach bféadann cobhrughadh? gidheadh, a THIGHEARNA, atá tú ann ar lár, agus as hainm goirthear sinn; na fág sinn.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 14:9
31 Tagairtí Cros  

má dhéanann an pobal ar a nglaoitear m'ainm iad féin a umhlú agus guí chugam agus mo ghnúis a lorg, agus casadh óna gcosáin choiriúla, tabharfaidh mé cluas dóibh ó neamh, agus maithfidh mé a bpeaca agus cneasóidh mé a dtír.


Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?


ná folaigh d'aghaidh orm. Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg; is tú mo chúnamh. Ná teilg uait mé is ná tréig mé: a Dhia mo shlánaithe!


Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


cách a nglaoitear dó m'ainmse, óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad, is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”


Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?


Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sin nach bhfuasclaíonn, ná a chluas chomh mall nach gcloiseann.


Is fada nach beo dúinn faoi do réir, ionann agus nárbh é d'ainmse atá orainn.


Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.


Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia, Tiarna na Slua. Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaí in aghaidh Aon Naofa Iosrael.


Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh ó cheann ceann na tíre, “Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón? Nach bhfuil a Rí inti níos mó?” (Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge lena n‑íola greanta, leis na náideanna iasachta seo?)


Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deo agus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain?


Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”


Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort agus nach n‑éistfidh tú liom nó ag éamh “Foréigean!” agus nach bhfuasclóidh tú sinn?


D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Fillfidh mé ar Shíón agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim. Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim, Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”


“Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”


Ansin beidh na daoine eile go léir ag lorg an Tiarna agus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu.


Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Óir siúlann an Tiarna do Dhia timpeall istigh i do champa do do chosaint agus ag tabhairt do naimhde ar láimh duit. Ní foláir do champa a bheith ina áit naofa dá bhrí sin; ná feiceadh an Tiarna aon rud míchuí in bhur measc dá bhrí sin le heagla go dtabharfadh sé droim láimhe leat.


Feicfidh ciníocha uile an domhain go bhfuil ainm an Tiarna ort agus beidh eagla orthu romhat.


Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”


Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.


Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí