Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 14:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Is marso a deir an TIGHEARNA ris an muinntirsi, Marso do ghrádhuigheadar dul ar seachrán, níor chongmhadar ar ais a ccosa, uimesin ní ghabhann an TIGHEARNA chuige íad; cuimhneochuidh sé anois a lochta, agus fiosrochuidh sé a bpeacuidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 14:10
25 Tagairtí Cros  

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”


Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint, d'fhonn do bhriathra a choimeád.


Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’


Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”


Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa! Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigipt díreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír.


Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.


Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”


Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n‑íobairtí.


Cad chuige go leanann an pobal seo de bheith ag séanadh, i gcónaí ag séanadh? Leanann siad den seachrán agus diúltaíonn siad filleadh.


Ní hé amháin nach mbeidh sí ina crann taca ag muintir Iosrael ach cuirfidh sí a peacaí i gcuimhne do Iosrael nuair a iarrfaidh Iosrael cuidiú uirthi. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.”


Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim; [nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde, níl duine díobh a dhíríonn aniar.


Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge; ní scriosfaidh mé Eafráim go deo, óir ní duine mé ach Dia. In bhur measc is mé an Té is naofa, agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.


Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh! - Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!


Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.


Tá andúil acu in íobairtí fola; Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu! Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad. As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo; rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.


Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.


Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.


Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia, ní ghlacfaidh mé leo; agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.


Maithfidh mé a gcionta dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí feasta.”


Seo mar a deir Tiarna na Slua: ‘Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí