Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 14:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael, a shlánaitheoir in am an anó, cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo, mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 O a dhóthchuis Israel, a shlánaightheóir a nam buáidheartha, cred as a mbeitheá ad choimhightheach annsa tír, agus do nós dhuine ar slíghe fhillios do leathtaoibh dfanmhuin ar feadh aonoidhche amháin?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 14:8
25 Tagairtí Cros  

Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?


Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide, tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.


Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.


Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n‑anacra.


Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna; a Dhia, is tú mo dhóchas ó m'óige.


Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir, agus ceart do na ciníocha go cothrom.


Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.


A Thiarna, bí ceansa linn, is leatsa atá ár súil. Bí i do lámh shábhála againn gach maidin, slánaigh sinn in aimsir trioblóide.


Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.


Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.


Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach, Dia Iosrael, an slánaitheoir.


Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d'fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin.


Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad, mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.” Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.


Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.


Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad; dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é; mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna a gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’


Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais, an lá inniu féin dearbhaím go ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó.


Is é fáth gur iarr mé sibhse a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo ormsa.”


Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.


D'ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí