Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 15:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí; mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh, óir líon tú le fearg mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Níor shuigh mé a noireachtus an luchd magaidh, agus níor gháirdigh mé; do shuidh mé ar leith do bhrígh do láimhese: óir do líon tú mé lé feirg.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 15:17
13 Tagairtí Cros  

Is aoibhinn don fhear nach leanann de chomhairle lucht na héagráifeachta; nach seasann i slí na bpeacach, agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;


Is cosúil mé le peileacán san fhásach, le hulchabhán i measc na bhfothracha.


a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”


Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.


Agus ná téigh isteach i dteach an fhéasta chun suí leo, chun ithe agus ól.


Tá mé lán d'fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. “Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.


Agus suí go tostach ar leithrigh, nuair a chuirtear air í,


Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’


Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí