Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d'aitheanta?
Iósua 7:8 - An Bíobla Naofa 1981 Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) O a THIGHEARNA, cred a déara misi, a nuáir iompoighios Israel a ndruim roimhe a námhuid! |
Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d'aitheanta?
Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.
Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m'fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.
“Uch, a Thiarna Dia,” arsa Iósua, “cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin!
Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”
Nuair a d'fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: “Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d'fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.”