Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Nuair a d'fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: “Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d'fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Agus a núair thangadar na dáoine don champa, a dubhradar sinnsir Israel, Cred far chláoidh an TIGHEARNA sinn a niugh roimhe na Philistinigh? Tugam chugainn airc chunnartha an TIGHEARNA as Síloh, ionnus a núair thiocfas ar measc, go ttárrthochuidh sinn ó lámhuibh ar námhad.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 4:3
34 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí ansin le Zádóc: “Tabhair áirc Dé ar ais isteach sa chathair. Má fhaighim fabhar i súile an Tiarna, tabharfaidh sé ar ais mé agus tabharfaidh sé radharc arís dom uirthi féin agus ar a háit lonnaithe.


A luaithe a bhí Dáiví socair ina theach, dúirt sé leis an bhfáidh Nátán: “Féach! táimse ag cur fúm i dteach céadair, ach tá áirc chonradh an Tiarna faoi dhíon botha.”


Mascil Ásáf. 1 Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia? Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?


Cad fáth a n‑iompaíonn tú do lámh uainn, a Thiarna? Cad fáth a bhfolaíonn tú do dheaslámh i do bhrollach?


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.


“Cad chuige ár dtroscadh mura bhfeiceann tusa é, ár gcrá anama, mura dtugann tú aird air?” Ach bhur laethanta troscaidh bíonn gnóthaí ar siúl agaibh, bíonn sibh ag tromaíocht ar bhur n‑oibrithe go léir.


Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sin nach bhfuasclaíonn, ná a chluas chomh mall nach gcloiseann.


Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagán idir sibh agus bhur nDia. Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdach ionas nach gcloiseann sé sibh.


Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin - an Tiarna a labhraíonn - ní déarfaidh aon duine arís go deo: ‘Áirc chonradh an Tiarna’, ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í.


Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna!


Chuir siad chun siúil ó shliabh an Tiarna agus rinne siad taisteal trí lá. Ghabh áirc chonradh an Tiarna ar an aistear trí lá seo ag lorg áit lonnaithe dóibh.


Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois: “Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde! Agus an dream a bhfuil fuath acu duit, Go dteithidís lena n‑anam romhat.”


Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil.


Déarfaidh na ciníocha go léir de liú: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an íde seo ar an tír? Cad is ciall le mórbhruth seo a fheirge?’


“Tóg leabhar seo an dlí agus cuir taobh le háirc chonradh an Tiarna do Dhia é. Bíodh sé ansiúd mar fhinné i d'aghaidh,


Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.


Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.


déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”


Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: “Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d'adharca reithe roimh áirc an Tiarna.”


“Uch, a Thiarna Dia,” arsa Iósua, “cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin!


Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde?


An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.


Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.


Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.


Dúirt Sól ansin le hAichíá: “Tabhair an [t‑éafód] anseo” - mar eisean a d'iompraíodh an [t‑éafód] i láthair Iosrael.


Chóirigh na Filistínigh iad féin chun catha in aghaidh Iosrael; troideadh go dian, agus bhris na Filistínigh ar Iosrael agus maraíodh timpeall ceithre mhíle dá n‑arm ar pháirc an áir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí