Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Chóirigh na Filistínigh iad féin chun catha in aghaidh Iosrael; troideadh go dian, agus bhris na Filistínigh ar Iosrael agus maraíodh timpeall ceithre mhíle dá n‑arm ar pháirc an áir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do chuireadar na Philistinigh íad féin a nórdughadh a naghaidh Israel: agus a núair do chuádar na catha a gcionn a chéile, do cláoidheadh Israel roimhe na Philistinigh: agus do mharbhadar don tslúagh san mhachaire timchioll cheithre míle fear.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 4:2
13 Tagairtí Cros  

Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa agus fillimis ar ais ar an Tiarna.


Titfidh siad muin mairc a chéile faoi mar bheidís ag teitheadh ó chlaíomh, ach gan aon tóir orthu. Ní bheidh sé de chumas ionaibh seasamh in aghaidh bhur naimhde.


Ansin an tAmailéiceach agus an Canánach a bhí ag cur fúthu sna hardáin sin, thángadar anuas agus bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu síos amach go Hormá.


Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc.


Chóirigh Iosrael agus na Filistínigh iad féin in eagar catha ar aghaidh a chéile amach.


Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d'fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: “Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh.


Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.


Throid na Filistínigh dá réir sin, agus cloíodh Iosrael agus theith gach fear acu chuig a bhoth féin. Rinneadh ár agus eirleach orthu agus thit tríocha míle troitheach de na hIosraelaigh.


Nuair a d'fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: “Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d'fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí