Dúirt sé: “Cad a chonaic siad i do phálas?” “Chonaic siad gach rud atá i mo theach,” arsa Hiziciá. “Níl aon ní i mo stórais nár thaispeáin mé dóibh.”
Iósua 7:19 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus a dubhairt Iosua re Achan, Guidhim thú a mhic, tabhair glóir don TIGHEARNA Día Israel, agus déana admháil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é. |
Dúirt sé: “Cad a chonaic siad i do phálas?” “Chonaic siad gach rud atá i mo theach,” arsa Hiziciá. “Níl aon ní i mo stórais nár thaispeáin mé dóibh.”
Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.
Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.
Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá: cealaigh mo choir as iomad do thrua.
Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?”
Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”
Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.
agus an mhuintir atá ina choinne a cheartú go mín, le hionchas go seolfadh Dia chun aithrí iad agus chun an fhírinne a aithint,
Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus san fhoighne.
Thug Ácán freagra ar Iósua: “Pheacaigh mé, pheacaigh sin, in aghaidh an Tiarna Dia Iosrael, agus seo mar rinne mé:
agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.
Dúirt Sól le Iónátán ansin: “Inis dom a bhfuil déanta agat.” “Ní dhearna mé,” arsa Iónátán, “ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.”
Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b'fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.