Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 16:10 - An Bíobla Naofa 1981

Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Agus níor dhíbir siad amach na Cananítigh do chomhnuigh a Ngéser: achd do áitreabhadar na Cananítigh a measc na Nephraimíteach gus a niugh, agus foghnuid faoi áirdchíos dóibh.

Féach an chaibidil



Iósua 16:10
12 Tagairtí Cros  

Seo cur síos ar an saothar éigeantach a rinne Solamh a thobhach do thógáil Teampall an Tiarna, a phálás féin, an Mileo, balla Iarúsailéim, Hazór, Migideo, Geizir


(ghabh Forann rí na hÉigipte suas agus ghabh sé Geizir, chuir sé trí thine é agus bhásaigh a raibh de Chanánaigh ina gcónaí ann; ansin thug sé an chathair mar spré dá iníon, bean Sholaimh.


a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.


a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang, - chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.


Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.


Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.


chomh maith leis na bailte a coinníodh do chlann Eafráim laistigh d'oidhreacht chlann Mhanaise - na bailte sin go léir lena sráidbhailte máguaird.


De bhrí nár fhéad clann Mhanaise greim a fháil ar na cathracha sin, lean na Canánaigh orthu ina gcónaí sa dúiche sin.


Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad.


Ná níor dhíbir Eafráim na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir, ach mhair na Canánaigh i nGeizir ina measc.