Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 17:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Fuair Manaise a chuid ar cranna mar gurbh é céadghin Iósaef é; do Mhácaír, céadghin Mhanaise, agus athair Ghileád, tugadh Gileád agus Báiseán, mar ba dhual do fhear faobhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Do bhí mar an cceadna cuid ronna ag treibh Mhanasseh; oir do bé céadmhac Ióseph é; do Mháchair ceidghin Mhanasseh, athair Ghílead: do chionn gur bfhear coguidh é, uíme sin fúair se Gilead agus Básan.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 17:1
20 Tagairtí Cros  

Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; “mar,” ar sé, “thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m'athar.”


Thug sé Eafráim ar an dara mac; “mar,” ar sé, “chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.”


Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim.


Nuair a chonaic Iósaef a athair ag leagan a láimhe deise ar cheann Eafráim, baineadh stad as. Rug sé greim ar láimh a athar chun í a chur ó cheann Eafráim go ceann Mhanaise.


Dúirt Iósaef lena athair: “Ní mar sin is ceart, a athair, é seo an chéadghin; leag do lámh dheas ar a cheann seo.”


Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef.


Rinne sé rí de ar Ghileád, ar na hAisiúraigh, ar Izréil, ar Eafráim agus ar Bhiniáimin agus ar Iosrael go léir.


Ghabh Gisiúr agus Arám, Havat Iáír, Canát agus a shráidbhailte, trí fichid baile uathu. [Bhain seo uile le] Mácaír athair Ghileád.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.


Ar aon teorainn le Naftáilí, anoir siar, roinn amháin do Mhanaise.


Clann Mhanaise: do Mháicír, sliocht Mháicír; ba é Máicír athair Ghileád. Do Ghileád, sliocht Ghileád.


Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.


Thug Maois dóibh - do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef - riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na duíche timpeall.


ach admhaíodh sé mar chéadghin mac na mná nach muirnín, agus tugadh sé dúbailt roinne dó dá bhfuil aige, óir is é céadtoradh a chumais é; is leis ceart na céadghine.


Tugadh don chuid eile de threibh Mhanaise oidhreacht de réir a bhfiní - do chlann Aibíeizir, do chlann Héilic, do chlann Aisríéil, do chlann Sheicim, do chlann Héifir, do chlann Shimídeá; ba shin iad síol chlann mhac Mhanaise mac Iósaef, de réir a bhfiní.


Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu


Tá taoisigh Eafráim sa ghleann; Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí. Chuir na ceannairí chun siúil ó Mhácaír Agus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí