Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 9:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 A cclann do fhagbhadar na ndiáigh san tír nach ar fhéadadar clann Israel do scrios uile, orra sin do thog Solamh duibhchíos serbhíse daóire gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 9:21
23 Tagairtí Cros  

Thrácht sé thar chrainn ón gcéadar sa Liobáin go dtí an íosóip a fhásann ar an mballa; thrácht sé thar ainmhithe agus thar éin, thar phéisteanna agus thar iasc.


Seo cur síos ar an saothar éigeantach a rinne Solamh a thobhach do thógáil Teampall an Tiarna, a phálás féin, an Mileo, balla Iarúsailéim, Hazór, Migideo, Geizir


Gach ar mhair de na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh de chlann Iosrael iad;


Thug Dáiví ordú na daoine deoranta go léir a bhí ag cur fúthu i dtír Iosrael a chruinniú le chéile; agus chuir sé lucht gearrtha cloch ag soláthar cloch gearrtha le haghaidh tógáil theach Dé.


a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang, - chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.


Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin.


Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Shoifeirit, clann mhac Pharúdá,


Údarás is dual don láimh bhríomhar; ach saothar éigeantach is dual don leisciúil.


Má ghlacann sí le síocháin agus a geataí a oscailt romhat, ansin cuirtear iallach ar an muintir go léir inti saothar a dhéanamh duit agus fónamh duit.


Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.


Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.


De bhrí nár fhéad clann Mhanaise greim a fháil ar na cathracha sin, lean na Canánaigh orthu ina gcónaí sa dúiche sin.


Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad.


Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.


Gabhann críocha na [nEadómach] ó Ard Acraibím go dtí an Charraig agus as sin suas.


Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: “Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór,


Seo iad na ciníocha a cheadaigh an Tiarna a fhanacht sa tír d'fhonn Iosrael a thriail tríothu, iad sin go léir in Iosrael is é sin nach raibh aon taithí acu ar chogadh i gCanán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí