Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.”
Iósua 10:5 - An Bíobla Naofa 1981 Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nádhbharsin do chruinnigheadar cúig ríghthe na Namoriteach íad féin a cceann a cheile, rígh Ierusalem, rígh Hebron, rígh Iarmut, rígh Lachis, rígh Eglon, agus do chúadar súas, iad féin agus a slóigh uíle, agus do chomhnuigheádar a naghuidh Gibeon, agus do rinneadar cogadh na haghaidh. |
Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.”
nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe.
Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”
Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”
Na cathracha a bhain na Filistínigh d'Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d'fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.