Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 7:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Na cathracha a bhain na Filistínigh d'Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d'fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus na caithreacha do bheanadar na Philistinigh do Israel do haisigeadh Dísrael íad, ó Ecron go nuige Gát; agus a ccóstadha sin do bhuáin Israel as lámhuibh na Bhphilistineach. Agus do bhí síothcháin idir Israel agus na Hamoritigh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 7:14
8 Tagairtí Cros  

Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad. Ghabh sé Gat agus na bailte máguaird ó lámha na bhFilistíneach.


Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothú de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.


Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”


Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin.


agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.


Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.


shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige.


Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí