Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 34:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A nuáir do throid slúagh rígh na Babilóine a nagháidh Ierusalem, agus a nagháidh uile chaithreacha Iúdah dar mhair, a nagháidh Lachis, agus a nagháidh Asecah: óir do mhaireadar na caithreacha daingnesi do chaithreachaíbh Iúdah.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 34:7
18 Tagairtí Cros  

Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.


D'fhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís.


Thóg sé cathracha chomh maith ar ardáin Iúdá, agus dúnta agus túir sna foraoiseacha sléibhe.


Ó Láicis chuir rí na hAsaíre an tArdoifigeach mar aon le slua mór saighdiúirí ag triall ar Hiziciá rí in Iarúsailéim. Thóg siad ionad in aice le sileán na Linne Uachtair ar an mbóthar go Gort an Úcaire.


Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n‑anó.


An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:


Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’


Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.


Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid, a áitritheoirí Láicís! (Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón; óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)


Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.


Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.


Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.


rí Iarmút, duine; rí Láicís, duine;


Zánóa, Éan Gainím, Tapua, Éanám,


Láicís, Bozcat, Eaglón,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí