Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 34:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 D'inis Irimia fáidh na briathra seo uile do Zidicíá rí Iúdá, in Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Annsin do labhair Ieremiah an fáigh na bríathraso uile re Sedeciah rígh Iúdah ann Ierusalem,

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 34:6
10 Tagairtí Cros  

Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”


Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”


Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”


Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,


Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.


Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.”


mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.


D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí