“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge” -
Iósua 10:18 - An Bíobla Naofa 1981 “Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iosua, Iompóidh clocha móra ar bhéul na húamha, agus cuirigh dáoine láimh ría dhá ccoimhéad: |
“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge” -
mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.
Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán.
D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.
Tugadh scéala chun Iósua: “Fuarthas an cúigear rí agus iad i bhfolach in uaimh Mhacaedá.”
Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”
Ansin dúirt Iósua: “Osclaigí béal na huaimhe agus tugaigí an cúigear rí úd amach chugam.”