Mhúscail an Tiarna fearg na bhFilistíneach, agus na nArabach atá láimh leis na Cúisigh, in aghaidh Iahórám.
Ióéil 3:4 - An Bíobla Naofa 1981 “Dorchóidh an ghrian agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tuilleamh oile, cred bhur nimtheachdsa orumsa, a Thíor, agus a Shídon, agus uile chóstadha Phalestin? an ccúiteochthaói luáidheachd riom? agus má leasuighionn sibh riom, filltidh mé go lúath agus go tapuidh bhur ccúitiughadh air bhur ccionn féin; |
Mhúscail an Tiarna fearg na bhFilistíneach, agus na nArabach atá láimh leis na Cúisigh, in aghaidh Iahórám.
Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.
Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.
Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar.
Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór.
Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.
Tá an talamh ar crith agus na spéartha suaite rompu; tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú agus na réaltaí ag cailleadh a ngile.
Lá dorchadais agus doiléire! Lá scamall agus dúnéalta! Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir ag leathadh thar na sléibhte; ní raibh a leithéid ann riamh ná ní bheidh a leithéid ann arís go ceann na gcianta cairbreacha.
“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.
Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse.
“Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.
Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse.
Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?
Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth á rá leis: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?”
Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.
agus ar an gcuma chéanna níl ann ach an ceart go ndéanfadh Dia a ndíol féin den leatrom a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh leatroim oraibhse
Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: “Cad é an t‑aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?”