Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ióéil 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil III. Smacht na ccineadhach 16 agus cruinniughadh na nccreidmheach, chum righeacht na grása agus na gloíre.

1 Oir, féuch, annsna láethibh sin, agus annsa namsin, an tan do bhéarus misi ar áis braighdionus Iúdah agus Ierusalem,

2 Cruinneocha mé fós a nuile chinéul, agus do bhéara mé síos íad go gleann Iehosaphat, agus taigeora mé ríu annsin ar són mo phobail agus ar son moighreachda Israel, noch do scáinreadar a measg na ccineadhach, agus ar roinneadar mo dhúthaigh.

3 Agus do theilgiodar crannchair air mo phobal; agus thugadar búachuill ar mheirdrigh, agus do reacadar óigbhean ar fhíon, chor go nibhedís.

4 Tuilleamh oile, cred bhur nimtheachdsa orumsa, a Thíor, agus a Shídon, agus uile chóstadha Phalestin? an ccúiteochthaói luáidheachd riom? agus má leasuighionn sibh riom, filltidh mé go lúath agus go tapuidh bhur ccúitiughadh air bhur ccionn féin;

5 Do bhrígh gur ghlacabhair mairgiod, agus m'ór, agus go rugabhair da bhur tteampalluibh mo neithe maithe taitneamhacha:

6 Do reacabhair fós clann Iúdah agus clann Ierusalem ris na Gréagachaibh, chor go náitreachadh sibh íad a bhfad ó na tteóruinn.

7 Féuch, tóigfe mé íad as a náit a reacabhair íad, agus fillfidh mé bhur ccúitiughadh air bhur cceann féin:

8 Agus reacfa mé bhur mic agus bhur ninghiona a lámhuibh chloinne Iúdah, agus reácfuid íad ris na Sabeánachaibh, ré daoinibh a nimchéin; óir a dubhairt an TIGHEARNA é.

9 Fúagruidhsi so a measc na ngeinteadh; gléasuidh cogadh, déunuidh súas daóine neartmhara, tigeadh na huile lucht cogaidh a bhfogus; tigedís a níos:

10 Déanuidh cloidhmhthe dá bhur níarnach seisrighe, agus gáethe dá bhur ccorránuibh glanta: abradh an lag, Atáim láidir.

11 Cruinnighidh sibh féin, agus tigidhse, a gheinte uile, agus cruinnighidh sibh féin a bhfóchair a chéile timchioll fa ccuáirt: tabhair air do dhaóinibh neartmhara teacht síos ann sin, a THIGHEARNA.

12 Múscaltar na geinte, agus tigdís a níos go gleann Iehosaphat: óir is ann sin shuighfios misi do dhéanamh breitheamhnuis na ngeinteadh uile timchioll fá ccuáirt.

13 Cuiridh ann an corrán, óir is abuidh an fóghmhar: tigidh, éirgidhe síos; óir atá an tomar lán, atáid na dabhcha ag cur tharsa; óir is mór a nurchóid.

14 Slúagh mór, slúagh mór a ngleann na ceannairge: óir atá lá an TIGHEARNA a ccomhfhogus a ngleann na ceannairge.

15 Dorchochthar an ghrían agus an ghealach, agus coinneochuid na réulta air ais a ndéallradh.

16 Núallfuidh an TIGHEARNA fós amach as Sion, agus cuirfidh a ghúth amach as Ierusalem; agus biáidh neamh agus talamh ar crioth: achd budh é an TIGHEARNA dóthchus a dhaóine, agus neárt chloinne Israel.

17 Marsin aitheontaói gur misi an TIGHEARNA bhur Ndía ag áitreabh ann Sion, mo shlíabh náomtha: annsin biáidh Ierúsalem náomhtha, agus ní rachfuidh coimhightheach ar bioth thríthe ní is mó.

18 ¶ Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, go filfid na sléibhthe fíon núadh a núas, agus líonfuid na cnoic le bainne, agus tuileochuid uile shrotha Iúdah le huisgeadhuibh, agus tiucfuidh tobar amach as tigh an TIGHEARNA, agus fliuchfuidh sé gleann Shittim.

19 Biáidh a Négipt na fásach, agus biáidh Edom na fásach áonranach, do bhrígh foiréigin a naghaidh chloinne Iúdah, do bhrígh gur dhóirteadar fuil neimhchiontach ann a ndúthaigh.

20 Acht áitreabhuidh Iúdah go bráth, agus Ierusalem ó ghinealach go ginealach.

21 Oir glanfa misi a bhfuilsion nach ar ghlan mé: óir áitreabhuidh an TIGHEARNA ann Sion.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí