Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 7:3 - An Bíobla Naofa 1981

Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Is marsin do rinneadh misi do shealbhughadh míos díomhaóinis, agus atáid oidhcheadha tuirseacha ar na ccinneadh dhamh.

Féach an chaibidil



Iób 7:3
8 Tagairtí Cros  

Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.


Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.


Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart, Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram.


Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.


Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.


Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?


Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.


Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.