Iób 5:7 - An Bíobla Naofa 1981 Ach sé an duine a ghineann anró dó féin, Mar a eitlíonn na badhbha in airde. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht cheana rugadh an duine chum buaidheartha, mar éirghid na drithleanna súas. |
Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh? Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?
Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.
Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí.
Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo.
Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine?
Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh, a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíos agus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?
Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.