Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 2:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Oír is doilghiosa a láethe uile, agus is dóbhrón a shaothar; ní ghlacann fós, a chroidhe suáimhneas san noidhche. Is díomhaóineas so mar an ccéadna.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 2:23
20 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leis an bhfear: “De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna, agus gur ith tú de thoradh an chrainn ar aithin mé duit gan a ithe: Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn. Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de, gach lá de do shaol.


Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”


Fear a rugadh ó bhean, Nach raibh fad saoil aige ach mórchuid anró,


Ach sé an duine a ghineann anró dó féin, Mar a eitlíonn na badhbha in airde.


Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.


Óir gach uile lá agus oíche ba throm orm do lámh. Go deimhin, bhí mo neart á thrá mar a bheadh le teas an tsamhraidh.


Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn; i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t‑olc.


agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá.


Óir, dá mhéad í ár n‑eagna is ea is mó ár gcrá agus dá leithne é ár n‑eolas is ea is géire ár bpianpháis.


D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.


Tá olc scannalach ann a chonaic mé féin abhus faoi luí na gréine: saibhreas á thaisceadh ag an duine ar leis é chun a dhíobhála féin;


Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.


Nuair a leag mé m'intinn ar an eagna a fháil agus ar na gnóthaí uile a bhíonn ar siúl ar talamh a scrudú,


ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí