Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 2:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Oír cred atá ag duine dha uile sháothar, agus dá bhuáidhreadh croidhe, iona bhfuáir sé sáothar fan ngrein?

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 2:22
21 Tagairtí Cros  

Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.


Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó, agus a chraos ocrach á ghriogadh.


Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine?


D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.


Cén tairbhe a bhaineann duine as an dúthracht a chaitheann sé lena chuid oibre?


Ach is fearr lán glaice le suaimhneas ná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe.


fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.


Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.


Molaimse mar sin an t‑aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine.


Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?


Ár n‑arán laethúil tabhair dúinn inniu;


“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?


Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.


Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.


Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.


Bígí géilliúil dá leithéidí sin agus don uile dhuine atá ag obair agus ag saothrú leo.


Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.


Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.


Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí