Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
Iób 5:1 - An Bíobla Naofa 1981 Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort? Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Goir a nois, matá duine ar bith fhreigeorus thú; agus cía aca do na náomhuibh chum a bhfillfe tú? |
Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.
Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí do na daoine dílse a mhaireann ina thír.
Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige, déanadh na ciníocha a neart a athnuachan; tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad. Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.
Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.
Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.