Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eifisigh 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Pól, atá ina dhuine dʼaspail Íosa Críost le toil Dé, Ag beannú do na naoimh, a chomhchreidmhigh dílse in Íosa Críost:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, chum na naomh atá i nEiféis, agus chum lucht an chreidimh i nÍosa Críost:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, chum na náomh ata an sa Nephesus, agus chum na druinge chreideas a Niósa Críosd:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.

Féach an chaibidil Cóip




Eifisigh 1:1
27 Tagairtí Cros  

Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta; Mo theach is baile dó;


An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin.


Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.


Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh.


ach ní thoileodh sé chuige. “Ach,” ar seisean agus é ag fágáil slán acu, “tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.” Chuir sé chun farraige ó Eifeasas


Ach d'fhreagair Anainias: “A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil d'olc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim,


Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé.


Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.


Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,


Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géarleanúint orainn fulaingímid leis;


Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.


Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.


Mise Pól aspal - ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus Dia an tAthair, a thóg ó mhairbh é.


mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.


Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.


Fágann sin gurb iad lucht an chreidimh atá beannaithe mar aon le hAbrahám, fear an chreidimh.


Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,


Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.


Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibhse a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost.


gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost,


Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom.


guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColosae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.


Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”


Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.


Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí