Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
Iób 40:10 - An Bíobla Naofa 1981 Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea! Cuir umat do ghlóir is do loinnir! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cóirigh thú féin anois lé mórdhachd agus lé hoirdhearcus; agus éuduigh thú féin lé glóir agus lé scéimh. |
Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
An tusa a thugann a chumas don each, Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál?
D'iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air a mhairfidh go brách ó aois go haois.
Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir; chlúdaigh sé é féin le neart; chrioslaigh sé é féin le cumhacht. Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.
Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.
Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireach agus clogad an tslánaithe ar a cheann. Chuir sé éadach an díoltais uime ina léine agus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca.
Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa: