Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?
Iób 4:11 - An Bíobla Naofa 1981 Cailltear an seanleon d'uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Téid an seinleomhan a mugha do dhíth creiche, agus a táid cuiléin an leomhuin churata sgartha ó cheile. |
Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?
agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”
Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
“Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.
A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.
Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga: ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean; saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,
Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.
Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.
seo pobal, amhail banleon ag éirí, ar tinneall mar leon ar tí léim, agus nach luíonn go n‑alpann a chreach, agus go slogann fuil ar mharaigh sé.”
Chúb sé chuige, agus luigh, mar leon, mar bhanleon. Cé leomhfadh é chur ina shuí? Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe; gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin