Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde, Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.
Iób 39:19 - An Bíobla Naofa 1981 An tusa a thugann a chumas don each, Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tusa thug neart don neach? nar éaduigh tú a mhuineal lé tóirnigh? |
Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde, Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.
An tusa a chuireann ag léim é mar an dreoilín teaspaigh? - Nach mór an scanradh é a sheitreach maorga!
Le gach séideadh den stoc, deir sé: “Hupsaí!” Faigheann sé boladh an chatha i bhfad i gcéin, Agus cloiseann liúireach na dtaoiseach agus an gheoin.
Beannaigh an Tiarna, a anam liom! A Thiarna Dia, is rómhór tú go dearfa; tá tú éadaithe i maorgacht agus maise;
Ní hé neart an eich is aoibhinn leis; ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.
Ní hé an t‑each a bhéarfaidh an bua; ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.
Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir; chlúdaigh sé é féin le neart; chrioslaigh sé é féin le cumhacht. Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.
Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.
Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní,
Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n‑each, Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil.