Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 15:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ann sin do ghabh Maóise agus clann Israel an dánsa don TIGHEARNA agus do labhradar, ag radh, Cánad don TIGHEARNA; óir rug sé búaidh go glormhar: an teach agus an marcach do theilg sé san bhfairge.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 15:1
27 Tagairtí Cros  

Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.


Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha; Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.


Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas; agus a mhuintir thofa le gártha áthais.


Ansin is ea a chreid siad a bhriathra; gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.


Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.


Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,


Is tú m'áit fholaigh, a Thiarna, do m'fhuascailt ó m'anacair; cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.


Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh, codlaíonn siad ina dtoirchim suain; tá lucht na lámh láidir gan taca.


A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d'eachra.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.”


Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d'fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna.


Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh: “Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire! chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”


Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”


Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.


Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!


Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach, an carbad agus an carbadóir;


Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici, agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór. Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige, nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.


Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna, déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.


Ansin is ea a chan Iosrael an laoi: “Sceith, a thobar! Canaigí dó!


Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d'ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.


agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí