Iób 38:4 - An Bíobla Naofa 1981 Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cait a raibh tusa núair do shuighidh misi bunáit an domhuin? foillsigh, má tá tuigse agad. |
Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad. Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh,
Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil, ná sciob mé leat i lár mo laethanta, ós tú a mhaireann go brách na breithe.”
Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn; ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.
Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.
Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!
Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú?
Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.
Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.
agus: “Is tú a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; saothar do lámh is ea na spéartha;
ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.