Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
Iób 35:3 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse? Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a dubhairt tú, Créd an tarbha do bheith dhuitsi? agus, Cred an sochar do bheith dhamhsa, má glantar mé om pheacadh? |
Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?
Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?