Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
Iób 33:19 - An Bíobla Naofa 1981 Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba, Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Smachduighthear fos lé péin air a leabuidh é, agus iomad a chnámh le péin láidir: |
Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
Bhuail drochghalar Ásá sna cosa an naoú bliain tríochad dá réimeas, agus ghéaraigh ar an ngalar. Ach ina ghalar ní dheachaigh sé i muinín an Tiarna ach i muinín dochtúirí.
I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?” Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?” Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.
Óir tá a am agus a mhodh oibre féin ag gach beart agus bíonn ainnise an duine ag luí go trom air.
Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh
Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol.
Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.