Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 33:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh, Agus a anam a shábháil ó Sheól.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Congmhaidh sé a anum ar ais ón pholl, agus a bheatha ó thuitim leis an ccloidheamh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 33:18
12 Tagairtí Cros  

Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas; Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,


D'fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas.


Agus a anam ag druidim leis an uaimh, Agus a bheo le [teach na marbh].


Le bheith cneasta leis, agus a rá: “Fuascail é ó thitim san uaimh, Fuair mé geall ar a shon”;


D'fhuascail sé m'anam ó dhul síos san uaimh, Agus beidh mo shaol faoi sholas.”


Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh, Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air.


Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad, Agus buaileann an bás iad gan choinne.


Ní bhuaileann siad le chéile mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin. Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán i ranganna gan briseadh.


Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?


Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó,


Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí