Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.
Iób 31:9 - An Bíobla Naofa 1981 Má mealladh mé riamh ag bean, Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Má mealladh mo chroidhe le mnaói, nó má chuir mé luidheachán a ndorus mo chomharsan; |
Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.
Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.
Cuithe domhain béal mná deoranta; an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.
Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach, agus áitíonn air lena plámás séimh.
Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.
Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe, gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.
Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine, nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh, ó fuintear an taos go dtí go n‑ardaíonn sé.
Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.
Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’
Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”