Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Cóheilit 7:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus do gheibhim ní is seirbhe ná an bás an bhean, ag ar paintéir agus líonta a croidhe, a lámh amhuil géibhionn: gidh bé do ní toil Dé rachaidh sé as uáithe; acht géabhthar an peacach lé.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 7:26
15 Tagairtí Cros  

Chuireadar an t‑athair ar meisce le fíon arís an oíche sin, más ea, agus d'éirigh an té a ba óige agus isteach léi agus luigh leis cé nár bhraith sé í chuige ná uaidh.


Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”


Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: “An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?”


Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair;


Cuithe domhain béal mná deoranta; an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.


Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht,


Le thú a chosaint ar an drochbhean, ar theanga shéimh na mná deoranta.


Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.


Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?


Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach -


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí