Iób 30:30 - An Bíobla Naofa 1981 Dhúigh mo chraiceann orm Agus tá mo chnámha á loscadh ag fiabhras. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá mo chroiceann dubh orum, agus do loisgeadh mo chnámha lé teas. |
Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna, an uair a bhím do mo bhuaireamh. Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort; éist liom go luath agus freagair mé.
Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha a rug greim daingean orthu go léir; leath sé líon do mo chosa agus thug orm casadh ar ais; d'fhág sé go tréigthe mé agus mé go dona tinn ó lá go lá.
Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche; ní aithnítear iad sna sráídeanna; tá an craiceann craptha ar a gcnámha; tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.
Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorn toisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh.
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.