Iób 26:12 - An Bíobla Naofa 1981 Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht, Agus threascair sé Ráhab lena éirim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Roinnigh sé a nfairge le na chumhacht, agus lé na thuigsin buáilidh sé thríd an túaibhreach. |
Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.
Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.
Is tú a scoilt an mhuir le do chumhacht agus a bhris ina mbloghanna cinn na n‑arrachtach san uisce.
Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann, i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais, i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,
Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.
Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?
An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá, an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche, a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl, an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:
Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”