Iób 25:2 - An Bíobla Naofa 1981 Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ata tighearnus agus eagla ionna fhochairsion, do ní sé siothcháin iona áitibh árda. |
Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?
Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn. Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.
Tá a fhios agam gur féidir leat gach ní a dhéanamh, Agus nach bhfuil smaoineamh ar bith caillte ort.
Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
á dhéanamh sin le briathra mo bheola: Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar! a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”
Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.
an t‑aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dósan go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Amen.
agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain;