Iób 24:19 - An Bíobla Naofa 1981 Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána. Dá scrúdódh Dia an peacach, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fúaduighidh tiormach agus teas na huisceadha sneachda: mar sin do ní a nuáigh ris an ndroing do pheacuigheas. |
Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhde agus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é.