Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 22:2 - An Bíobla Naofa 1981

An féidir d'aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t‑eagnaí tairbhe dó?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An bhféadann duine bheith tarbhach do Dhía, martá an té atá críonna do fhéadfadh bheith críonna dhó féin?

Féach an chaibidil



Iób 22:2
15 Tagairtí Cros  

Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”


Ansin d'fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:


An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta?


Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de? Nó go dtógfá ceann de?


Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia. Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.”


Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.


Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.


Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”


Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách.


agus aitheanta agus dlíthe an Tiarna, a ordaím duit inniu ar mhaithe leat, a choimeád.