An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
Iób 22:12 - An Bíobla Naofa 1981 Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe [Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nach bhfuil Día an uáchdar fhlaitheamhnuis? agus feuch áirde na réultann, cred é áirde atáid síad! |
An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
Is airde é ná na spéartha! - Cad tá ar do chumas? Is doimhne é ná Seól! - Cad tá ar eolas agat?
Féach suas chun na spéartha, agus feic; Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn.
Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.
Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?