Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 5:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Coinnimh do chos a nuair rachus tú go tigh Dé, agus go madh réidhe bhias tú do chluinsion, ná do thabhairt íodhbartha na namadán uáit: óir ní mheasuid síad go ndéanuid olc.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 5:1
28 Tagairtí Cros  

Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t‑uabhar ina chroí, rud a mhill é. D'fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise.


Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?


Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe [Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde?


Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?


“Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”


“Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann,


Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.


Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.


Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.


An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.


Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.


Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn - agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”


Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.


Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.


Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn.


Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,


D'fhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: “Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.” Agus rinne Iósua rud air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí