Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 5:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ná bí obann le do bhéal, agus ná bíodh do chroidhe lúath do labhairt éinneithe a lathair Dé: óir atá Día air neamh, agus atá tusa air talamh: uimesin go má tearc do bhríathra.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 5:2
21 Tagairtí Cros  

“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.


“Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,” ar sé ansin, “agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.” D'fhreagair seisean: “Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.”


Ansin dúirt sé: “Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.” D'fhreagair sé: “Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.”


Thug Iacób móid ansin á rá: “Má bhíonn Dia liom agus mé a choimeád slán ar an turas seo ar a dtriallaim, agus bia le hithe a thabhairt dom, agus éadach le caitheamh,


agus an chloch seo a chuir mé ina seasamh mar ghallán cuimhneacháin, beidh sí ina teach Dé, agus tabharfaidh mé duit deachú dá mbronnann tú orm.”


Is ar neamh atá ár nDiana; gach uile ní is áil leis, déanann sé é.


Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.


Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha,” agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.


Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.


Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh.


Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat.


Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu.


Is ard iad na spéartha os cionn na talún, agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.


nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -


“Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo.


Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm;


Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.”


Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.


Agus thug Iaftá móid don Tiarna agus is é a dúirt sé: “Má thugann tú na hAmónaigh suas dom


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí