Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
Iób 20:15 - An Bíobla Naofa 1981 An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag; Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do shluig sé saidhbhrios síos, agus sceithfidh sé a nios íad a ris: teilgfidh Día amach as a bholg íad. |
Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.
Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige; agus go mille strainséirí toradh a shaothair.
Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna, ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.
“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”
“Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.
Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”